Óró, sé do bheatha 'bhaile!

Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Anois ar theacht an tsamhraidh

Sé do bheatha a bhean ba léanmhar!
B'é ár gcreach tú bheith i ngéibhinn
Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach
'S tú diolta leis na Ghallaibh

Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Anois ar theacht an tsamhraidh

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
Óglaigh armtha léi mar gharda
Gaeil iad féin 's ni Gaill ná Spáinnigh,
'S cuirfid siad ruaig ar Ghallaibh

Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Anois ar theacht an tsamhraidh

A bhui le Ri na bhfeart go bhfeiceam,
Muna mbeam beo 'na dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus mile gaiscioch
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh

Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Óró, sé do bheatha 'bhaile!
Anois ar theacht an tsamhraidh